Fógraíodh gurb é Paul Flanagan a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2023, ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh inniu. Tá an Ghaeilge fite fuaite i saol oibre agus pearsanta Paul agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge de chuid an Chumainn.

Mar chuid den ról beidh Paul ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid an Chumainn ar nós Cuaille (iris Ghaeilge ar líne an Chumainn), Lá Mór na Gaeilge agus na GAAgaeilge Go Games a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain.

Bhí an-bhliain ag Paul le hiománaithe an Chláir anuraidh agus tugadh aitheantas dá chuid gaiscí ar an bpáirc imeartha nuair a ainmníodh é ar an ngearrliosta do na All-Stars. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann f21 an Chláir nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann sa bhliain 2013. Tá neart buaite aige lena chlub Baile Uí Aodha thar na blianta, freisin, ina n-áirítear Craobh Shinsir na Mumhan sa bhiain 2016.

Tá Coiste Náisiúnta Gaeilge agus foireann Chumann Lúthchleas Gael ag súil go mór le bheith ag obair le Paul don bhliain amach romhainn. Tagann Paul sna sála ar pheileadóir na Gaillimhe, Paul Conroy, a bhí ina Ambasadóir Gaeilge ar CLG i 2022.

Clare All Ireland winner Paul Flanagan is pictured above with Gráinne McElwain, Chaore of the GAA’s Irish Language Committee on his announcement as Irish Language Ambassador for the Association.

This is Seachtain na Gailge or Irish Language week and while our own Irish is modest at best if you have ever learned it you will be able to make out most if not all of what is being said above.

Flanagan will be on hand for the GAAGaeilge Go Games day to be held in Croke Park, games leading up to which are taking place in clubs and schools around the country all through this week.