500 children from clubs in Gaeltacht areas across ireland took part in a special day at Croke Park this week, or to say it as they would…

Bhí na GAAgaeilge Go Games ar siúl i bPáirc an Chrócaigh inné nuair a ghlac os cionn 500 páiste óg ó chlubanna Gaeltachta, ó Ghaelscoileanna agus ó mhórcheantair Ghaeilge páirt i mbliotsanna faoi 12. Ina gcomhluadar ar an lá, bhí Ambasadóir Gaeilge CLG, Paul Conroy.

Dúirt Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG, Jamie Ó Tuama:

“Tá nasc nádúrtha idir ár gcluichí agus an Ghaeilge agus is bealach iontach na cluichí céanna le daoine a thabhairt le chéile. Bhí an-athás orainn go raibh os cionn 500 as na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le hÁth Cliath, Aontroim agus Tiobraid Árann páirteach sna bliotsanna agus chuile dhuine ag Gaeilgeoireacht ar feadh an lae.”

“Tá muid thar a bheith sásta, freisin, gur fíoraíodh brionglóidí na gcéadta gasúir leis an deis seo imirt i bPáirc an Chrócaigh.”

Bhí Carna-Caiseal, Ros Muc, Naomh Anna-Leitir Móir, An Cheathrú Rua, Micheál Breathnach, An Spidéal agus Naomh Séamus ann as Gaillimh. Bhí Gaoth Dobhair agus Laochra Loch Lao ann as cúige Uladh. Bhí Scoil Uí Ghramhnaigh, Scoil Santain, Cumann an Chloightí, Cluain Dolcáin agus Na Gaeil Óga ann as cúige Laighean agus bhí An Ghaeltacht (Port Láirge, Cumann Caide na Gaeltachta (Corca Dhuibhne), Lios Póil, Naomh Abán, Béal Átha an Ghaorthaidh agus Gaelscoil Chluain Meala ann as cúige Mumhan.

Beidh na GAAgaeilge Go Games á n-eagrú arís amach anseo agus táthar ag súil le cuireadh a thabhairt do pháistí eile as ceantair eile Ghaeltachta agus as Gaelscoileanna eile.