Cuirfidh RTÉ tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar chluichí móra rugbaí agus sacair idirnáisiúnta i mbliana, ag tosú leis an gcluiche i gComórtas na Sé Náisiún ar an 21ú Feabhra idir Sasana agus Éire. Craolfar na cluichí Éire v An Bhreatain Bheag ar an 6ú Márta agus An Fhrainc v Sasana ar an 14ú Márta le tráchtaireacht i nGaeilge chomh maith.
Chuir RTÉ tús lena gcraoladh beo i nGaeilge ar chluichí ceannais iománaíochta agus peile na hÉireann sa bhliain 2015, agus ó shin i leith tá curtha go mór acu leis an tseirbhís bliain i ndiaidh bliana. Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar os cionn 35 cluiche i mbliana – peil, iománaíocht camógaíocht, rugbaí agus sacar san áireamh, beo ar an RTÉ Player, agus ar chainéal nuachta RTÉ.
Dúirt Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ: “Cuireann spórt lucht féachana na hÉireann faoi gheasa, agus is cuid lárnach é de mhisean seirbhíse poiblí RTÉ na heachtraí dodhearmadta seo a bheith ar fáil trí Ghaeilge. I mbliana i gcomhar le Spórt RTÉ, táimid ag cur le réimse na n-imeachtaí spóirt le tráchtaireacht as Gaeilge. Cuirfear tús leis an gcraoladh leis an gcluiche mór rugbaí idir Shasana agus Éirinn, i gComórtas na Sé Náisiún, le tráchtaireacht den chead scoth á cur ar fáil ag Garry Mac Donncha agus Colm de Buitléar. Seo é an chéad cheann de bhuaicphointí spóirt na bliana seo a bheidh á sholáthar ag RTÉ sa dá theanga.”
Beidh cluichí na hÉireann i gComórtas Sé Náisiún na mBan á gcraoladh i nGaeilge ar RTÉ freisin, le Sasana v Éire ar an 11ú Aibreán agus Éire v An Bhreatain Bheag ar an 9ú Bealtaine.
Beidh tráchtaireacht bheo i nGaeilge ar fáil chomh maith ar an gcluiche réitigh ollmhór a bheidh ag foireann sacair na hÉireann in aghaidh na Seicia sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain i Fortuna Arena i bPrág ar an 26ú Márta, chomh maith le tráchtaireacht agus anailís Ghaeilge ar chluichí baile na hÉireann i Sraith Náisiún UEFA san fhómhar. Beidh cluichí idirnáisiúnta na mban á gclúdach freisin, ag tosú leis an gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain i gcoinne na Fraince ar an 3ú Márta.
Beidh Garry Mac Donncha agus Cuán Ó Flatharta i mbun tráchtaireachta agus anailíse, i dteannta Colm de Buitléar agus Deirbhile Nic an Bháird (rugbaí), Charlie McGeever (sacar), agus a lán eile nach iad.
Cuirfear tús le tráchtaireacht i nGaeilge ar chraobhacha peile, iománaíochta agus camógaíochta na hÉireann i mí na Bealtaine, agus beidh cluichí á gcraoladh gach deireadh seachtaine go mí Lúnasa. I dteannta na láithreoirí Garry Mac Donncha agus Cuán Ó Flatharta, beidh cómhthráchtaireacht le Dara Ó Cinnéide, Pat Fleury, Gary Brennan agus iar-imreoirí eile ar na cluichí seo.
Bíonn tráchtaireacht agus anailís bheo le meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta le cloisteáil ó chuile chearn den tír gach deireadh seachtaine ar na cláracha Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae, agus tús curtha le Allianz sraitheanna peile agus iomána 2026. Bíonn an nuacht agus na scóir is déanaí ó na cluichí móra rugbaí, sacair agus spóirt eile le cloisteáil freisin.
RTÉ to provide Irish-language commentary on major rugby and soccer fixtures throughout 2026
RTÉ has today announced that as part of its public-service remit, it will expand its Irish-language commentary on major international rugby and soccer fixtures in 2026. Beginning with the Men’s Six Nations Championship game on 21 February between England and Ireland, Irish commentary will be available live on RTÉ Player and the RTÉ News channel. Irish language commentary will also be available during Ireland v Wales on 6 March and France v England on 14 March.
RTÉ began broadcasting the All-Ireland hurling and football finals live in Irish in 2015 and has continued its commitment to significantly expand the service year after year. Irish-language commentary will be available on approximately 35 sports fixtures throughout 2026 including football, hurling, camogie, rugby and soccer live on the RTÉ Player and on the RTÉ News channel.
Niamh Ní Churnáin, Group Head of Irish Language, RTÉ, said: “Sport brings audiences together, and delivering those unforgettable moments ‘as Gaeilge’ is central to our public service mission. This year, in partnership with RTÉ Sport, we’re expanding the number of events with Irish language commentary. We begin with England v Ireland in the Six Nations, with Garry Mac Donncha and Colm de Buitléar – the first of many major sporting moments RTÉ will deliver in both languages.”
Ireland’s games in the Women’s Six Nations Championship will also be broadcast in Irish on RTÉ, including England v Ireland on 11 April and Ireland v Wales on 9 May.
Live Irish-language commentary will also be available for the crucial playoff match for the Republic of Ireland soccer team against Czechia in the World Cup qualifiers at the Fortuna Arena in Prague on 26 March, along with Irish-language commentary and analysis of Ireland’s home matches in the UEFA Nations League in the Autumn. Women’s international matches will also be covered, beginning with the World Cup qualifier against France on 3 March.
Garry Mac Donncha will lead the commentary team with co-commentary and analysis from Colm de Buitléar and Deirbhile Nic a Bháird (Rugby) and Charlie McGeever (soccer) and many others.
Irish-language commentary on the All-Ireland football, hurling and camogie championships will begin in May, with matches broadcast every weekend until August. Alongside commentators Garry Mac Donncha and Cuán Ó Flatharta, co-commentary and analysis will be provided by Dara Ó Cinnéide, Pat Fleury and a host of other former players.
On RTÉ Raidió na Gaeltachta, live commentary, analysis and reporting can be heard from all corners of the country every weekend on Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna and Spórt an Lae, with the 2026 Allianz football and hurling leagues now underway, as well as the latest news, fixtures and results from the biggest sporting events over the weekend.
Image Credit: RTÉ Sport
Upcoming Events
SPORT FOR BUSINESS
Sport for Business is Ireland’s leading platform focused on the commercial, strategic and societal impact of sport. It connects decision-makers across governing bodies, clubs, brands, agencies and public institutions through high-quality content, events and insight. Sport for Business explores how sport drives economic value, participation, inclusion and national identity, and how your story can be part of ours.
Through analysis, storytelling and convening the sector, it helps leaders understand trends, share best practice and make better-informed decisions. Its work positions sport not just as entertainment, but as a vital contributor to Ireland’s social and economic fabric.
Find out more about becoming a member today.
Or sign up for our twice-daily bulletins to get a flavour of the material we cover.
Sign up for our News Bulletins here.
















