Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2025 ar siúl i nGaeltacht Ráth Chairn, Contae na Mí, i mbliana idir 30 Bealtaine agus 2 Meitheamh agus beidh sé á reáchtáil ag CLG Chlann na nGael. Imreoidh clubanna ó na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le clubanna ó Áth Cliath agus ó Aontroim i gcomórtais na bliana seo.
Is é an 54ú Comórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i mbliana agus beidh níos mó cluichí ná riamh á gcraoladh ag urraitheoirí an chomórtais, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta (féach an sceideal thíos).
Bunaíodh Comórtas Peile na Gaeltachta thiar sa bhliain 1969 agus d’aidhm aige lucht labhartha na Gaeilge ó chlubanna ar fud na gceantar Gaeltachta a thabhairt le chéile. Le linn na mblianta sin, d’imir plúr na bpeileadóirí ag an gcomórtas. I measc cuid acu sin bhí muintir Uí Shé agus Dara Ó Cinnéide ó Chumann Caide na Gaeltachta, Ciarraí, Seán Ó Domhnaill ó CLG na Ceathrún Rua, Caoimhín Ó Casaide ó Ghaoth Dobhair, Nollaig Ó Laoire ó Chill na Martra, Graham Geraghty na Mí agus Micheál Ó Cróinín ó Naomh Abán agus go leor.
leor eile nach iad.
Na foirne a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta 2025:
Comórtas Sinsir na bhFear: An Tearmann (Dún na nGall), Bhulf Tón (An Mhí),
An Rinn (Port Láirge), An Ghaeltacht (Ciarraí), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo),
Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Cill na Martra (Corcaigh), An Spidéal
(Gaillimh)
Comórtas Sóisir na bhFear: Clann na nGael (An Mhí), Lios Póil (Ciarraí), Na
Gaeil Óga (Áth Cliath), Cill Chomáin (Maigh Eo), An Cheathrú Rua (Gaillimh),
Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Naomh Náille (Dún na nGall), Laochra Loch
Lao (Aontroim), An Seanphobal (Port Láirge)
Comórtas Sóisir na mBan: Gráinne Mhaol (Gaillimh), Béal an Mhuirthead
(Maigh Eo), Bhulf Tón (An Mhí), Clann na nGael (An Mhí), Na Gaeil Óga (Áth
Cliath), Naomh Columba (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim)
Comórtas Idirmheánach na mBan: Gaeil Fhánada (Dún na nGall), Bearna
(Gaillimh), Naomh Abán (Corcaigh), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh)
Comórtas Sinsir na mBan: An Clochán Liath (Dún na nGall), Baile Cláir na
Gaillimhe (Gaillimh)
The GAA’s annual Comórtas Peile na Gaeltachta will take place in the Rath Chairn Gaeltacht in Meath this year between the 30th of May and the 2nd of June and will be hosted by local club CLG Chlann na nGael.
All seven Gaeltacht counties will be represented as well as clubs from Dublin and Antrim.
This year sees the 54th staging of Comórtas Peile na Gaeltachta and more games than ever will be broadcast on TG4 and RTÉ Raidió na Gaeltachta – both proud partners of the competition.
Comórtas Peile na Gaeltachta was set up in 1969 with the aim of bringing Irish speaking clubs and communities together for a weekend of football and many footballing greats have taken part in the competition over the years – Kerry’s Muintir Uí Shé and Dara Ó Cinnéide, An Cheathrú Rua’s Seán Ó Domhnaill, Gaoth Dobhair’s Kevin Cassidy, Cill na Martra’s Noel O’Leary, Meath’s Graham Geraghty and Naomh Abán’s Micheál Ó Cróinín to name just a few.
Further Reading for Sport for Business members:
Sport for Business Coverage of Sporting History
SPORT FOR BUSINESS PERSPECTIVE
The GAA has always been about more than sport and this is a living example of how its members, acting with a shared pupse and a passion for the Irish language are helping it become an ever more important part of our daily lives. Go raibh míle maith agaibh go léir a bhí páirteach
WHAT’S UP NEXT?
The games start in County Meath on Friday night with Dublin’s Na Gael Óga taking on Laochra Loch Lao on TG4’s YouTube channel.
MEMBERSHIP AND EVENTS
The GAA are among the 300+ members of the Sport for Business community, which includes all of the leading sports and sponsors, as well as commercial and state agencies, individuals interested in our world, and an increasing number from beyond these shores taking a keen interest in Ireland.
Find out more about becoming a member today.
Get the full benefit of a Sport for Business membership by joining us at one of our upcoming events, where sporting and business leadership come together.
Or sign up for our twice-daily bulletins to get a flavour of the material we cover.
Sign up for our News Bulletins here.